View Irish language version of this page JOIN US STAND UP DONATE


Ní raibh tásc ná tuairisc de Theachtaí Dála Fhine Gael agus Bille na dTeangacha Oifigiúla á phlé sa Dáil inniu

Ábhar dóchais a bhí ann i nDáil Éireann inniu do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus an bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla curtha os comhair na Dála. Ba dheas a fheiceáil chomh maith gur chuir a lán teachtaí dála ó na páirtithe polaitíochta éagsúla suim sa díospóireacht seo agus gur ghlac siad páirt inti, fiú iad siúd nach bhfuil mórán Gaeilge acu.


Pé scéal é, cá raibh Teachtaí Dála Fhine Gael? Níor labhair duine ar bith ó Fhine Gael rud ar bith faoin bpíosa reachtaíochta seo. Is é an bille seo ceann de na píosaí reachtaíochta is tábhachtaí a chuirfear faoi bhráid na Dála i mbliana agus ní raibh ionadaí ar bith ó Fhine Gael i láthair chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht.


Is léiriú é seo ar an drochmheas atá ag Fine Gael do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Seo é an páirtí a chuir moill 8 mbliana ar an reachtaíocht seo sa chéad áit. Seo é an páirtí céanna a fuair réidh leis na deontaisí d’ábhair oidí le freastal ar an nGaeltacht agus iad ar an ollscoil. Seo é an páirtí céanna a fuair réidh le Scéim Labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an páirtí céanna a d’fhág na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta gann ar airgead le 12 bliain anuas nuair a mhéadaigh siad buiséad na ranna rialtais eile suas go dtí na leibhéil ar a raibh siad sa bhliain 2008. Ní haon iontas é mar sin nach raibh siad le feiceáil ná le cloisteáil sa Dáil inniu agus an reachtaíocht thábhachtach seo á plé.


Labhair an Teachta Dála Peadar Tóibín o Aontú amach go láidir ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Chuir sé béim ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeloideachas, maoiniú na n-eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, stádas na Gaeilge i dTeach Laighean agus cúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht. Anuas air sin, luaigh sé a thábhachtaí is atá sé nach mbeidh cead ag an Aire Gaeltachta spriocdháta na bliana 2030 maidir le hearcaíocht Ghaeilge sa státseirbhís a chur siar agus go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh ionadaíocht ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an gCoiste Comhairleach.


Bogfaidh an bille seo ar aghaidh go dtí leibhéal an choiste anois agus beidh Aontú ag comhoibriú leis na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta chun leasuithe a mholadh a bheidh chun leasa mhuintir na Gaeltachta.

By Aontú Press | 9 October, 2020



Related Posts


The Irish political system is radically broken



In Ireland the vast majority of elected representatives put a finger in the air to check which way the political wind is blowing. They have one eye on their leaders – seeking brownie points – and another eye keeping their seat safe. If elected reps shut up and do as they’re told, they are promoted; if they stand up for what they believe in, they are demoted. No wonder we have the political class we have. No wonder one point one billion euro is being buried in a hole under the National Children’s Hospital and that Stormont is in stalemate.



Throughout Ireland, many people are now afraid to say what they feel, many are afraid to respectfully engage on a range of different topics. Many feel there is a new censorship and a new political correctness in Ireland, that opposition to the establishment is being deleted.



Respectful opposition is not the enemy. Respectful opposition is a critical element of a functional democracy. Aontú will have the backbone to stand up, without fear, for you.




STAND UP