View Irish language version of this page JOIN US DONATE


Éilíonn Ionadaí Aontú Oirthear Dhoire Gemma Brolly freagra nó teagmháil dhíreach agus beart ón Aire Oideachais i leith na litreach oscailte ó “An Gréasán” nár tugadh freagra di inar cuireadh imní in iúl faoin easpa soláthair maidir le staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge.

Éilíonn Ionadaí Aontú Oirthear Dhoire Gemma Brolly freagra nó teagmháil dhíreach agus beart ón Aire Oideachais i leith na litreach oscailte ó “An Gréasán” nár tugadh freagra di inar cuireadh imní in iúl faoin easpa soláthair maidir le staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge.

 

I ndiaidh blianta gan an dualgas reachtúil i gComhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh maidir le Gaeloideachas a spreagadh agus a fhorbairt, scríobh roinnt saoránach ó réimse cúlraí gairmiúla faoi scáth líonra dar teideal “An Gréasán” litir chuig an Aire Oideachais, Michelle Mhic Giolla Bhéin ag míniú a gcuid ábhar imní agus ag iarraidh ar "chomhlachtaí reachtacha Thionól Thuaisceart Éireann, ar an Roinn Oideachais agus ar a ranna tánaisteacha, amhail CCEA, chomh maith leis an Údarás Oideachais, idirghabháil a dhéanamh ar bhonn práinne leis na treochtaí diúltacha maidir le staidéar na Gaeilge agus teangacha eile sna hiarbhunscoileanna Béarla a chasadh ar mhalairt treo."

 

Chuir an dream gairmiúil seo, ar saoránaigh na 6 chontae iad, a gcuid ábhar imní in iúl, ag tabhairt mioneolais ar na fadhbanna agus ag cur réitigh féideartha chun cinn, agus coinne acu go dtabharfadh an tAire Oideachais agus a roinn aghaidh ar bhonn dea-bhéasach agus tráthúil. Tháinig lagmhisneach agus díoma orm nuair a d’fhoghlaim mé nach bhfuair “An Gréasán” freagra ar bith go fóill, fiú nuair a  maíodh ar an litir go raibh sé práinneach agus arís nuair a seoladh í an athuair ar eagla gur imigh sí "ar strae".

 

Níl leithscéal ar bith leis seo. Tá ábhair imní na gcéadta agus na mílte duine luaite agus athluaite ag “An Gréasan” nach bhfuil ag iarraidh ach "cothrom na féinne" a bhaint amach a mhéid a bhaineann le staidéar a dhéanamh ar theangacha, an Ghaeilge sa chás seo, agus go ndéanfadh an Roinn agus a cuid comhlachtaí gaolmhara eile an Gaeloideachas a éascú agus a fhorbairt. Sin ráite, tá an chuma ar an scéal nach dtig leo freagra a éascú don litir seo fiú amháin.

 

Ní féidir leis an Aire neamart a dhéanamh ar an earnáil oideachais seo díreach mar a rinne sí neamart ar an chumarsáid ó “An Gréasán”. Caithfidh sí bheith freagrach agus ní mór a chur i gcuimhne di an dualgas reachtúil atá aici an t-oideachas a sholáthar do gach uile shaoránach, mar a leagtar síos ní hamháin i gComhaontú Aoine an Chéasta, ach i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna fosta.

 

Éilíonn Aontú ar an Aire aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní seo go práinneach agus dul i dteagmháil leis na daoine atá buailte leis seo go pearsanta, i ndiaidh don Roinn neamhaird a thabhairt ar an dá litir. Caithfidh an tAire ionadaíocht a dhéanamh ar pháistí uile thuaisceart na hÉireann agus iarracht a dhéanamh an córas oideachais ina iomláine a fheabhsú. Ní ceart oideachas trí mheán na Gaeilge a bheith ina eisceacht.

 

By Aontú Press | 10 December, 2021



Related Posts


The Irish political system is radically broken



In Ireland the vast majority of elected representatives put a finger in the air to check which way the political wind is blowing. They have one eye on their leaders – seeking brownie points – and another eye keeping their seat safe. If elected reps shut up and do as they’re told, they are promoted; if they stand up for what they believe in, they are demoted. No wonder we have the political class we have. No wonder one point one billion euro is being buried in a hole under the National Children’s Hospital and that Stormont is in stalemate.



Throughout Ireland, many people are now afraid to say what they feel, many are afraid to respectfully engage on a range of different topics. Many feel there is a new censorship and a new political correctness in Ireland, that opposition to the establishment is being deleted.



Respectful opposition is not the enemy. Respectful opposition is a critical element of a functional democracy. Aontú will have the backbone to stand up, without fear, for you.




JOIN US