Cuireann Ionadaí Aontú Oirthear Dhoire agus Gaeilgeoir Gemma Uí Bhrollaigh fáilte roimh an stádas iomlán a tugadh don Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh
Cuireann Ionadaí Aontú Oirthear Dhoire agus Gaeilgeoir Gemma Uí Bhrollaigh fáilte roimh an stádas
iomlán a tugadh don Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus í ag spreagadh
gach saoránach leis seo a úsáid mar ‘phreabchlár’ chun an teanga a fhorbairt a thuilleadh.
“Lá mór ba é an 1 Eanáir 2022 i stair na Gaeilge” a thosaigh Uí Bhrollaigh, “ agus beidh sé taifeadta go
hoifigiúil mar sin, mar an lá ar bhain an Ghaeilge stádas iomlán amach mar theanga oifigiúil de chuid an
Aontais Eorpaigh go toilteanach agus go dlisteanach, agus dá thoradh sin, beidh gach cáipéis anois atá
foilsithe ag an Aontas Eorpach aistrithe go Gaeilge.”
“Ní cuimhin linn anois cé mhéad gealltanas agus comhaontú atá déanta chun Acht Gaeilge a chur i
bhfeidhm anseo i dTuaisceart na hÉireann, táimid neartaithe agus spreagtha leis na hiarrachtaí uilig atá
déanta a bhfuil grá agus tuiscint acu don teanga - na heagraíochtaí, na cumainn, na scoileanna, na
tuismitheoirí a chuireann a bpáistí tríd an Ghaeloideachas, na ciorcail comhrá, na ranganna Gaeilge, na
daoine a dhéanann iarracht lena gcúpla focal a úsáid, iad uilig a dhéanann a seacht ndícheall leis an
teanga a fhorbairt agus a thabhairt isteach i ngach aon bhealach, iarrachtaí as a dtagann an chéim
stairiúil straitéiseach seo a tharla ar an 1 Eanáir 2022.”
“Ní gá a rá go dtarraingíonn an beart uileghabhálach seo aird an phobail ar Acht na Gaeilge nach bhfuil
ann go fóill ach ba cheart bheith ann blianta ó shin. I ndiaidh sraith gealltanas bréagach, leis an fhaillí is
déanaí chun Acht na Gaeilge a chur i bhfeidhm roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair, ní thiocfadh
liom ach cuimhneamh siar ar an óráid a thug an Chuntaois Markievicz ar an lá seo (3 Eanáir) i rith
dhíospóireachtaí an Chonartha sa bhliain 1922:
“No one ever got the benefits of the promises the English made them.”
San óráid chéanna, chuir an Chuntaois Markievicz in iúl freisin:
“I say that the Irish language has begun to grow… in the schools, and I don't see that giving up our
rights… is going to help.”
Leanann Uí Bhrollaigh ar aghaidh, “Óna thaobh sin de, d’iarrfainn ar an rialtas sna 26 chontae an cheist
seo a chur orthu féin agus iad ag seasamh i nDáil Éireann: an bhfuil an ráiteas seo fíor inniu? An bhfuil
sibh ag spreagadh agus ag forbairt teanga dúchais na tíre seo, ár n-anam, na fréamhacha a fhásann
trínár dtalamh agus ár ndaoine? Caitheann an t-ardú céime stádais seo solas ar lag-iarrachtaí rialtas na
hÉireann i leith na Gaeilge agus i leith an ilteangachais. Tá 24 theanga oifigiúil san Aontas Eorpach agus is
féidir leis an gCoimisiún Eorpach teagmháil a dhéanamh le gach uile shaoránach AE ina dteanga
dhúchais féin, rud nach féidir le státseirbhís na hÉireann a dhéanamh fiú amháin. Ceann de na
príomhchúiseanna a bhfuil easpa foirne le Gaeilge sa státseirbhís faoi láthair ná go bhfuil na Gaeilgeoirí
níos sásta oibriú don Choimisiún Eorpach a chaitheann leis an Ghaeilge go cothromach agus le meas, rud
nach dtarlaíonn abhus in Éirinn. Tugann an t-ardú stádais seo dúshlán do rialtas na hÉireann aghaidh a
thabhairt ar an dátheangachas ar bhealach níos fearr agus an córas oideachais a chur ina cheart dá réir
sin. Leasaíodh Bille na dTeangacha Oifigiúla díreach roimh an Nollaig agus leagadh amach spriocanna
uaillmhianacha earcaíochta i leith na Gaeilge.”
Críochnaíonn Uí Bhrollaigh: “Mar an lá ar bhain an Ghaeilge stádas mar theanga oifigiúil de chuid an
Aontais Eorpaigh is ceart a chuimhneofar ar an chéad lá de 2022. Creidim go díreach nach raibh seo ach
tús na bliana 2022, ba cheart go spreagfar leis seo iarracht úr nua aontaithe lenár gcuid iarrachtaí a
fhorbairt, ag tógáil ar an obair atá déanta, ag forbairt grá agus úsáid na teanga trí gach uile dhuine, baile
agus contae, ag spreagadh aithint agus labhairt ár dteanga dúchais i ngach aon choirnéal agus chúige na
tíre seo.”