Aontú Supports the “GaelVóta” Irish Language Campaign
The political party Aontú has today announced its support for the Irish Language campaign “GaelVóta”. Spokesperson for the party, East Derry candidate, Gemma Brolly, said:
“Is mór an onóir d’Aontú seasamh le pobal na Gaeilge agus GaelVóta a thacú. Creidimid go bhfuil ceartas agus comhionannas tuillte ag Gaeilgeoirí mar atá ag pobail eile. Bhí reachtaíocht Ghaeilge pleanáilte agus briste arís is arís agus níos mó ná 20 bliain níos moille, táimid go fóill ag fanacht. Bhuail Aontú le Conradh na Gaeilge ar na mallaibh chun reachtaíocht Ghaeilge agus GaelVóta a phlé. Bhí plé iontach ag Peadar Tóibín, Pádraig Ó Tiarnaigh, Cuisle Nic Liam agus Gemma Uí Bhrollaigh faoin obair atá déanta agus an dul chun cinn atá de dhíth. D’ardaigh Peadar reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh sa Dáil agus glacfaidh sé gach deis an easpa gníómhaíochta i leith an cheist sin a choinneáil i mbéal an phobail. Creideann Aontú go bhfuil níos mó ná béal ghrá de dhíth dár dteanga dhúchais. Déanaimid ár ndícheall leis an Ghaeilge a úsáid chomh minic agus féidir agus leanfaimid leis seo. D’aontaíomar leis na 5 éileamh agus táimid ag dúil leis an teanga a chur chun cinn ag obair ar na héilimh sin”.